logo1

Apologies. but, the School's History is available only in Irish

Teach Feadha Cuileann

Tá Teach Feadha Cuileann ar Bhóthar Oakley i Ranallach. Níl aon bhaint aige leis an ainm ‘Cullen’ ach tagann sé ón nGaeilge ‘Feadha Cuileann’ nó 'holly wood'. Is trí cheantar Ranallach a bhí an seanbhealach stairiúil Slighe Chualainn agus deirtear linn go raibh a lán coillte sa cheantar seo uair amháin. Tá sé i mbéaloideas an cheantair gur tháinig Muintir Uí Bhroin thar shléibhte Bhaile Átha Cliath go suíomh Theach Feadha Cuileann fadó chun troid in aghaidh Phladálaithe Sasanacha ó Bhriostal.

Bartholomew Mosse

Bhunaigh Bartholomew Mosse Ospidéal an Rotunda sa bhliain 1745. Is é an Rotunda ceann de na hospidéil is cáiliúla in Éirinn agus an chéad ospidéal dá leithéid san Eoraip. Fuair sé bás i dTeach Feadha Cuileann ar an séú lá d’éag de Mhí Feabhra 1759.

Charles Joly

Ba é seo an chéad tagairt a déantar sa stair de Theach Feadha Cuileann. Bhí sé ina chónaí ann agus dhíol sé an teach le John Lecky ó Chontae Laois, sa bhliain 1833. Ba é John Lecky seanathair William Lecky an stairí clúiteach a bhfuil dealbh leis i gColáiste na Tríonóide.

William Lecky

Chónaigh muintir Lecky sa teach ar feadh na mblianta agus ba ann a rugadh William Lecky i 1838 garmhac do John Lecky. Albanach ab ea a athair agus Sasanach a mháthair. Cé go raibh meon Sasanach agus Eorpach ag William Lecky bhí sé bródúil gurbh Éireannach é. Ba Phrotastúnach é agus Aontachtach liobarálach é féin agus bhí an-mheas aige ar mhuintir na hÉireann.

Tar éis na Lecky’s bhí a lán daoine (deirtear linn seachtar) a dhíol agus a cheannaigh an teach, duine acu siúd ná George James Patterson a dhíol é le Pádraig mac Piarais sa bhliain 1908 ar £ 370.00

Back to top

Pádraig Mac Piarais

I mBaile Átha Chliath i.27 Sraíd an Phiarsaigh a rugadh agus a tógadh Pádraig Mac Piarais sa bhliain 1879. Sasanach ab ea a athair. Rugadh i Londain é agus dealbhadóir ab ea é. Éireannach ab ea a mháthair.

Bhunaigh sé scoil dhátheangach do buachaillí i dTeach Fheadha Cuilinn ar ar tugadh Scoil Éanna – Chaith sé dhá bhliain ann ach d’aistrigh go dtí láthair níos fairsinge i Ráth Fearnáin sa bhliain 1910. Chónaigh a mháthair agus a dheirfiúracha sa teach agus bhíodh páirt acu beirt in obair na scoile ag tabhairt aire do na scoláirí aíochta agus ag réiteach béílí.

D’oscail Pádraig Mac Piarais Scoil Éanna i dTeach Fheadha Cuilinn ar an 8ú Meán Fómhair 1908.Teach mór a bhí ann agus gáirdíní agus páirceanna timpeall air. Daichead dalta a bhí ann an chéad lá agus faoi dheireadh na chéad bhliana bhí suas le dhá oiread sin sa scoil.

Scoil do bhuachaillí lae agus do bhuachaillí cónaithe a bhí ann.

Bhí béim ar an dátheangachas, an ealaín, an drámaíocht, an nádúr agus an Spórt.

Bhí áthas an domhain ar Phádraig Mac Piarais le Teach Fheadha Cuileann. Seo a rud a dúirt sé:

“and first it is a pleasant thing to be housed in one of the noble old Georgian mansions of Dublin with an old garden full of fruit trees under our windows and a hedgerow of elms, sycamores amd beeches as the distant boundry of our playing fields. Cullenswood house has memories of its own”

ó Four Roads to Dublin

Bhog sé amach as Teach Fheadha Cuilinn sa bhliain 1910 agus d’imigh sé go Ráth Fearnáin. Ceann de na fáthanna a bhí leis seo a dúirt sé:

“...the city was too near, the hills were too far”

Back to top

Múinteoirí Scoil Éanna

Tomás Mac Donnchadh

(Leas-phríomhoide Scoil Éanna)(1878-1916)
Rugadh i Cloughjordan, Contae Thiobraid Árann é sa bhliain 1878. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste an Tobair ( Rockwell College) agus in Ollscoil Bhaile Átha Cliath. Bhí sé mar bhall de Chonradh na Gaeilge. Bhí grá mór aige don Ghaeilge agus chuaigh sé ar saoire go hÁrainn go minic. Ghlaoití “Fear an Rothair” air in Árainn mar ba é a thug an chéad rothar go hÁrainn. Ba in Árainn a bhuail sé le Padraig Mac Piarais. Cairde móra ab ea iad. Bhíodh sé ag múineadh Béarla i Scoil Éanna. Ollamh le Béarla ab ea é agus file a bhí ann chomh maith.

Liam Mac Piarais
(1881-1916)
Rugadh Liam deartháir óg Phádraig ar an 15ú Samhain 1881. Chuaigh sé ar scoil i Westland Row agus ina dhiaidh sin go dtí an Coláiste Ealaíne agus cháiligh sé mar dhealbhadóir. Bhí an-spéis aige sa drámaíocht freisin agus aisteoir maith ab ea é. Ghlac sé páirt i ndrámaí in Amharclann na Mainstreach. Bhí Liam ag múineadh i Scoil Éanna. Múinteoir Ealaíne agus Líníochta a bhí ann.

Cuireadh Liam Mac Piarais chun báis ar an 4ú Bealtaine 1916 le Joseph Plunkett, Edward Daly, agus Michael OHanrahan.

Con Colbert
(1888-1916)
Rugadh agus tógadh é i gContae Luimnigh sa bhlian 1888. Bhíodh sé ag múineadh gleacaíochta i Scoil Éanna.

Eoin Mac Neill
(1860-1945)
Rugadh é i 1860 agus fuair se bás i 1945. D’fhreastal sé ar Ollscoil na hÉireann. Bhí sé ag muineadh i Scoil Éanna, Teach Fheadha Cuilinn thart ar an bhliain 1908. Is é a bhunaigh Óglaigh na hÉireann.

Back to top

Scoil Íde i dTeach Feadha Cuilinn

Nuair a bhog Scoil Éanna go Rath Fearnáin sa bhliain 1910. Baineadh úsáid as Teach Feadha Cuileann mar scoil dhátheangach do chailíní Scoil Íde (1910-1912)

Mhúin an Scribhneoir Mary Maguire. i Scoil Íde. Phós sí an Scriobhneoir Padraig Colum ina dhiaidh sin.

Múinteoir eile a bhí ansin ná Luise Ghabhánach Ní Dhufaigh a bhunódh an chéad Ghaelscoil ar ball Scoil Bhride i 1917 i bhFaiche Stiabhna. Is i ngairdiníTeach Feadhna Cuileann atá Scoil Bhride an lae inniu.

Lean an dá scoil ar aghaidh ach bhí alán rudaí ag tarlú in Éirinn ag an am, bhí na hÓglaigh gníomhach agus ag fás de réir a chéile,agus bhí múinteoirí scoil Éanna an pháirteach iontu. Bhí Bráithreachas Poblachta na hÉireann an-ghníomhach freisn agus bhí spéis a chur sa teanga agus sa chultúr. Bhí Pádraig Mac Piarais ag dul níos mó agus níos mó leis an bPolaitíocht.

Bhí deacrachtaí airgid ag Scoil Éanna agus chuaigh Pádraig Mac Piarais go Meiriceá ar feadh trí mhí ag bailiú airgid agus ag léachtóireacht.

1916

Thosaigh na Trioblóidí nua i mí Mheán Fómhair 1914 Thosaigh Óglaigh na hEireann agus an IRB ar Éirí amach a phleanáil.

Bhí Pádraig Mac Piarais Ard Mháistir Scoil Éanna, Roger Casement agus Thomas Mc Donagh mar cheannairí ar an Éirí Amach.

In 1916 Bhí Scriosa sa cathair. Fuair 550 Bás ar Luan Cásca. Bhí 200 chéad acu ag siúl agus ag siopadóireacht. Léigh Padraig Mac Piarais an Fórógra ag an Príomh Oifig an Phoist. Gabh na Sasanaigh é agus na ceannairí eile.

Ghéill na hÓglaigh agus cuireadh chun báis iad.

Back to top

Tar éis an Éirí Amach

Tháing máthair an Phiarsaigh agus an teaghlach agus daltaí scoil Éanna ar ais go Teach Feadha Cuileann. Lean an scoil ar aghaidh anseo faoi stiúir Seosamh MacDonncha ( Ard-Mháistir ) agus Brian Seoighe – sean uncail Nóirín Ní Chatháin atá ag múineadh i Lios na nÓg

Michéal ó Coileáin

Lean Cogadh na saoirse ar aghaidh in Éirinn agus bhí fear darbh ainm Michéal ó Coileáin an ghníomhach ann. Bhí Oifig bheag ag Michéal ó Coileáin i dTeach Feadha Cuileann thíos staighre.

"Collins is now in St Ita`s (Aras Cullenswood) the room was called the dug out. It had been a cellar or some kind of storeroom . The door was not easy to find. Collins was working at a big wooden table. His back to bare white wash walls, a pile of addressed envelopes in front of him."

Frank O`Connor The Big Fellow

Na Dúchrónaigh

Thosaigh Cogadh na Saoirse in 1919 Sa bhliain céanna chuir na Sasanaigh saighdiúri breise go hÉirinn chun smacht a choinneáill ar na hÉireannaigh, agus chun stop a chur leis an IRB. Na Dúchcrónaigh an t-ainm a tugadh orthu mar gheall ar na dathanna a bhi ar a gcuid eadai. Amhais (Mercenaries) ab ea iad. Ni raibh aon smacht orthu Scrios siad an tír. Chuaigh siad timpeall ag dóigh bailte agus ag dúnmharú daoine mar go raibh sé éasca.

Bhí Teach Feadha Cuileann i mbaol. D’ionsaigh na Dúchrónaigh an Teach.

Rinne Maud Gonne McBride cur síos ar an scrios:

“Soldiers were engaged in sacking the house We could see them on the roof working with pickaxes and from a distance could hear the crashing of broken masonry as the chimney stacks fell to the ground. Inside the now frameless windows one could see khaki clad figures with picks and crowbars working at destruction like maniacs ..."

The Four roads to Dublin

Cuireadh bail ar an teach arís agus ba leis an nDochtúir Margaret Mac Piarais Teach Fheadha Cuillinn agus i 1960 bhronn sí ar an Stáit é agus bhíodh sé mar theach cónaithe ag clanna difriúla go dtí gur thit se as a chéile mar nách raibh éinne ag tabhairt aire cheart dó.

Back to top

An Coiste - Cumann Theach Feadha Cuileann

I 1987 bhí Teach Feadha Cuilinn ag titim as a chéile. Bhí poll sa díon agus bhí na préacháin ag eitilt tríd. Bhí na ballaí ar tí titim anuas. Ní raibh cead ag aon duine dul isteach sa teach mar go raibh sé chomh dainséarach. Bhí roinnt daoine chun an teach a leagan. Bhí grúpa daoine nach raibh ag iarraidh go dtarlódh sé seo. Ansin tháinig daoine le chéile i bPáirc Ansley i Ranallach i dteach Herbert Egan chun iarracht a dhéanamh an teach a shábháil.

Cumann Feadha Cuilinn

Bunaigh Herbert Egan Cumann Feadha Cuilinn leis an ghrúpa daoine sin chun an teach a shábháil agus cruth mhaith a chur air. Ba é an aidhm a bhí acu ná Músaem a thosnú chun an teanga agus an traidisiún a choinneáil beo. Fuarthas gníomhais an ti i 1990 ó Oifig na nOibreacha Poibli. Ba iad na daoine a bhí sa ghrúpa Séamus MacGuidhir, Pádraigín Ní Ghuidhir, Maireád Uí Fharachtáin, Uinsíonn Ó Farachtáin Máire Davitt, Áine Ní Dhubhghaill, Michael B. Ó Cléirigh, Willie Bennett, John Baken, Liam Ó hOisín, Michael Mac Gréil, Jim Heron agus Monica Clune. Tá cuid de na daoine a bhí sa chumann marbh anois. Tá Herbert Egan marbh. Fuair sé bás ar an seachtú lá de Fheabhra 1991.

Ag Bailiú Airgid

Ba é Seo an méid a dúirt Pádraigín Ní Ghuidhir linn an lá a tháínig sí isteach ag caint linn faoi obair an choiste.. “Thóg sé tamall ar an gCumann go leor airgid a bhailiú chun árachas a fháil ar an teach. Nuair a fuair siad an t-árachas, bhailigh siad níos mó airgid. Nuair a bhí go leor airgid acu rinne siad cóiriú ar sheomra beag amháin sa teach (an seomra ina bhfuil an Naíonra anois) agus bhíodh cruinnithe acu ansin. Rinne siad a lán rudaí chun airgead a bhailiú.
Chuir siad margaí saothair , ceantanna agus a lán rudaí eile ar siúl. Bhailigh siad píosaí beaga airgid anseo agus ansiúd ach d’éirigh Herbert Egan an tinn. Bhí Brionglóid aige go bfhuair siad suim mhór airgid don teach, agus an lá a fuair sé bás an 6ú /7ú do mhí Feabhra 1991 tháinig fíorú ar a bhrionglóid.
Fuair siad Céad fiche míle punt (£120.000 ) ó Dháil Éireann.
Beannacht Dé lena anam dhílis.

Leis an t-airgead seo chuir siad díon nua ar an teach agus déanadh obair ar na ballaí chun iad a dhéanamh sábháilte. Lean siad orthu ag bailiú an airgid mar bhí a lán seomraí sa teach le cóiriú.

Sa deireadh fuair siad £40,000 ón Crannchur Náisiúnta. Bhí siad abálta ceithre sheomra a chóiriú agus sa bhliain 1998 rinne siad cóiriú ar sheomra thíos staighre.

Back to top

Ordú Caomhnaithe

Bhí gasra daoine ag cabhrú ó thús go deireadh chun órdú caomhnaithe a fháil don teach. Rinne said a lán oibre chun é sin a bhaint amach. Bhí orthu airgead a bhailiú chun feabhas a chur ar an teach. agus é a dheisiú Sa deireadh dúradh leo go raibh ord caomhnaithe le cur ar an teach .An oíche sin bhí gach duine sona sásta. Labhair Pádraigín Uí Ghuidhir ar cad a bhí orthu a dhéanamh agus thug sí buíochas mar gheall air.

Siníodh conradh a dúirt nach raibh aon duine abálta aon rud a athrú i dTeach Fheadha Cuilinn. taobh amuigh den teach san áireamh Níl cead ag aon duine dathanna péinteanna nó rud ar bith a athrú . Muna ndéanann uinéirí an tí an teach a chosaint cuirfear pionóis mhóra throma, fineáil 1Milliún Euro, nó tréimhse 5 bliana sa phriosún.

Tá an foirgneamh seo liostáilte de bharr na hailtireachta, na staire, na seandalaíochta agus an chultúir. Tá fuinneoga móra i ngach seomra maraon le síleálacha arda freisin. Bhí gairdín mór le crainn mhóra ag fás ann ach tá clós na scoile againn sa lá atá inniu ann.

An t-Athbheochán!

Bunaíodh Lios na nÓg sa bhliain 1996. Scoil lán Ghaeilge do bhuachaillí agus do chailíní. Bhog siad isteach i dTeach Fheadha Cuilinn i Mí na Nollag 1997. Áine Ní Shíthigh agus Nóirín Ní Chatháin na múinteoirí. Bhí dhá rang ann – na Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra. Is sinne na páistí sin. Táimid i rang a 5 agus a 6 anois ! Bhí áthas an domhain orainn agus thuigeamar i gcónaí go rabhamar i dteach álainn stairiúil ach ní raibh aon eolas againn mar gheall air, Ba é sin an fáth go raibh an tionscnamh go maith, bhailíomar a lán eolais.

Tobar an uisce agus Tobar an eolais.

Lean an Coiste ar aghaidh ag athchóiríú an tí agus nuair a fuair Herbert Egan bás bhí Micheál Breandán ó Cléirigh mar Chathaoirleach ar an gCumann. Bhí mo Mhamaí agus mo Dhaidí ar Choiste Theach Feadha Cuilinn agus bhí aithne acu ar Bhreandán ó Cléirigh agus dúirt siad liom gurbh é an duine is deise riamh. Fuair sé bás ar an 31ú Deire Fómhair 2000.

Back to top